News

Gaeilge 24 - Cad atá á dhéanamh againn ?

Beidh Meánscoil An Chroí Naofa ag glacadh páirte in Gaeilge24 i mbliana. Is dúshlán é Gaeilge24 chun daltaí scoile a spreagadh Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig: sa bhaile, ar scoil agus gach aon áit eile. Tá an dúshlán á eagrú ag Conradh na Gaeilge agus á reáchtáil acu le 6 bliana anuas.

 Beidh 15,000 dalta ó 150 scoil páirteach sa dúshlán fud fad na tíre i mbliana. Beidh an dúshlán ar siúl Dé Máirt 10 Samhain 2020. Tá súil againn gur féidir linn an dúshlán a bhaint amach ar an lá. Deis iontach atá ann chun do chuid cúpla focal a úsáid chomh maith dár ndóigh! I mbliana, tá Gaeilge24 ag diriú isteach ar an bhfolláine.

Cad atá á dhéanamh againn ?

Tá go leor pleanáilte againn don lá. Áirítear leis seo: 

  • Díolachán bácála,

  •  Seisiún Spóirt,

  •  Tai chi le Mr.Browne

  •  Tráth na gceist beo le Conradh na Gaeilge.

Agus muid ag iarraidh na srianta COVID-19 a bhaint amach, táimid fós ag iarraidh ár ndícheall lá táirgiúil spraíúil a dhéanamh.

08:50-09:30 : Seisúin Spóirt le 4.1 & 4.2

09:30-10:10 : Seisúin Spóirt le 4.3 & 4.4

---------------

11:05-12:25: Trá na gceist beo 

12:25-14:00: Díolachán bácála

14:00-14:40: Tai chi le 4.1 & 4.2

14:40-15:20: Tai chi le 4.3 & 4.4

Cén fáth ?

I mbliana, cabhróidh an brabús ó Gaeilge24 le:

  • Feachtais ar nóis Gaeilge4All; leis an nGaeilge a láidriú sa chóras oideachais.

  • GaelteachtX - coláiste samhraidh fíorúil.

  • Imeachtaí ar nós Thraenáil na nOifigeach Gaeilge atá á heagrú againn le ANDIE agus Ard - Fheis na nÓg do dhaltaí meánscoile

  • Tacaíocht : Feachtais le breis ceoltóirí a mhealladh le canadh as Gaeilge . Táimid ag obair ar an gcéad leagan eile den Albam CEOL agus muid ag coinneáil Raidió Rí - Rá beo ar an aer 24/7



C7C6A7B2-8739-4235-8A7E-C3670775008E.jpeg
image_6483441.JPG
image_6483441 (1).JPG
irish.jpg
Caragh BellComment