"Ghaelbhratach" Committee organise Céilí.
Eagraíodh Céilí le rang a trí ó Scoil Iosaf sa GPR ar an 11 Aibreán 2018. Mhúin na baill ón gCoiste don Ghaelbhratach agus scoláirí ón gcúigiú bliain Fallaí Luimnigh, Ionsaí na hInse agus An Dreoilín do na cailíní ón mbunscoil. Bhain gach duine taitneamh agus tairbhe as an gcéilí. Míle buíochas do Ms. Murphy agus Mrs. McCarthy as teacht.
‘Beatha teanga í a labhairt’.