Coiste Gaeilge
Méanscoil an Chroí Naofa
Ar an Déardaoin 17 Méan Fomhair 2017 bunaíodh an coiste.
Chomh maith le sin roghnaíodh na hoifigigh.
Ar an 19 Mean Fomhair d’fhreastail an Cathaoirleach Kate, an Runaí Rachel agus an t-Oifigeach Chaidreamh Phoiblí Katie, chomh maith leis an Uasal Ó Chonaill go dtí an Cheardlann don Ghaelbratach.
Dúradh leis na hoifgigh agus an múinteoir cad atá ag teastáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil. Bhí fonn orainn suirbhé a dhéanamh arís i mbliana chun a fháil amach cén saghas caighdeán Gaeilge atá againn sa scoil agus cén saghas gníomhaíochtaí a bheadh suim ag daltaí na scoile freastal orthu.
Faoi láthair tá an coiste i lár ullmhú do ‘Phúca na Scoile’ Comórtas a thugann leideanna amach ar an gcallaire faoi mhuinteoir áirithe sa scoil. Tabharfar leid amháin in aghaidh an lae. Tá an oíche oscailte ag druidim linn agus tá neart ullmhúcháin le déanamh againn freisin.
Tá ár n-aistear tosaithe !
“Beatha teanga í a labhairt”